TSNI 5 on Challenges in Translation and Interpreting

Translation Studies Network of Ireland Conference (TSNI 5)

Dublin City University, Dublin, Ireland
Thursday, May 8th and Friday, May 9th, 2025

Call for Papers: TSNI 5 on Challenges in Translation and Interpreting

We invite scholars, practitioners, researchers, and students to submit abstracts for presentations at the upcoming 5th Translation Studies Network of Ireland (TSNI) International Conference on Challenges in Translation and Interpreting. This conference aims to explore the evolving challenges, ethical dilemmas, and innovative practices shaping the fields of translation and interpreting across various domains.

In an increasingly globalized and interconnected world, the fields of translation and translation studies face unprecedented challenges. This conference examines the complexities and evolving demands of translation in contemporary society, where technological advancements, cultural diversity, ethical considerations, and global crises converge.

Two recent issues involving complex challenges that require further discussion are the use of machine translation and generative AI and emerging slow-translation movements. Additionally, the need for inclusive language and gender sensitivity challenges translators to navigate linguistic structures that may not naturally accommodate non-binary or gender-neutral expressions across different languages. The ethical landscape also presents challenges, as translators work in high-stakes fields like medical, legal, and humanitarian settings, where accuracy, confidentiality, and impartiality are essential, as is the wellbeing of the translator, particularly when they face elements of trauma. Translators are increasingly called to ensure accessibility for different audiences that have various communicative needs, like audio description for the blind or visually impaired, subtitles for the deaf and hard of hearing, or Irish sign language (ISL), adding another layer of responsibility to their work. Finally, lesser-used languages face all the same challenges in translation, but with further resource pressures.

This conference therefore aims to explore multidimensional challenges, highlighting the translator’s role and voice, underscoring the need for reflection on these challenges. We hope to consider translators’ education and their professional development to address the complex demands in our rapidly changing world.

Conference Topics

Submissions are welcomed from a range of disciplines and perspectives. Topics of interest include, but are not limited to:

Format

Submission Guidelines: Please submit an abstract of no more than 300 words that clearly outlines the focus, methodology, and main arguments of your presentation. Include a title, a list of keywords, and a brief bio (up to 150 words). Please consider the format that you will choose to present at the TSNI and send your submission through https://forms.gle/wYJQczM9hHvtbQWD7. Abstracts may be submitted in English or Irish.

Rapid-fire Presentations: 10-minute talks that will set the ground for a discussion with the audience. The conversation will allow the speakers and the audience to reflect on multiple experiences and contribute their own.

Hot Topics Roundtable: What are those big questions you have regarding your research? These are facilitated group discussions about an important question. Propose a discussion topic relevant to TSNI and plan a 1-hour session. Explain the topic, let up to 3 preselected panellists offer opening statements and allow the attendees to share their views and invite potential solutions.

Hot Off the Press: Have you recently published a monograph or a special issue on any topic related to translation or interpreting? Join us for a showcase of recent publications and get a chance to introduce your book to the attendees! This session will feature a series of 5-minute elevator pitch presentations to promote your work and fuel the conversations.

Posters: A dedicated Poster Mosaic session will allow you to share your current research project. Speakers will give elevator-pitch introductions to their posters and invite other participants to visit their posters and have a one-to-one conversation.

Important Dates and information

  • Abstract Submission Deadline: 31st January 2025 (extended date)
  • Notification of Acceptance: 16th February 2025
  • Conference Dates: 8-9 May 2025
  • Venue: Glasnevin Campus, DCU, Dublin 9
  • Submission Portal: https://forms.gle/wYJQczM9hHvtbQWD7

Join us for this opportunity to engage in thought-provoking discussions, share research, and collaborate with peers from across the globe as we address the pressing challenges in translation and interpreting today.

Contact Information:
For any queries, please reach out to the conference organizers at: tsni2025@gmail.com

TSNI 5 – Dúshláin san Aistriúchán agus san Ateangaireacht

Fáiltímid roimh achoimrí ó scoláirí, cleachtóirí, taighdeoirí, agus mic léinn le haghaidh an 5ú Comhdháil Idirnáisiúnta de chuid an TSNI dar téama Dúshláin san Aistriúchán agus san Ateangaireacht. Is é aidhm na comhdhála iniúchadh a dhéanamh ar na dúshláin, na haincheisteanna eitice, agus na cleachtais nuálacha de ghort an aistriúcháin agus na hateangaireachta a bhfuil réimsí éagsúla á múnlú acu.

Tá dúshláin nach bhfacthas riamh ag teacht chun cinn i ngort an aistriúcháin agus léann an aistriúcháin i saol atá níos domhandaithe agus níos idirnasctha ná riamh. Pléifear sa chomhdháil seo leis na castachtaí agus na héilimh shíorathraitheacha a dhéanann an saol comhaimseartha ar an aistriúchán mar a mbíonn foráis teicneolaíochta, éagsúlacht chultúrtha, ceisteanna eitice agus géarchéimeanna domhanda fite fuaite ina chéile.

Dhá shaincheist dhúshlánacha reatha ar gá tuilleadh plé a dhéanamh orthu is ea úsáid an mheaisínaistriúcháin agus IS ghiniúnach, chomh maith le gluaiseachtaí mallaistriúcháin atá ag teacht chun cinn. Ina theannta sin, dúshlán sa bhreis ag aistritheoirí is ea é struchtúir theangeolaíocha dhúchais a ionramháil chun cur ar a gcumas déileáil le nathanna neamh-dhénártha, ilinscne nach féidir freastal go héasca ar a leithéid i dteangacha ar leith. Baineann dúsháin leis an eitic, freisin, toisc go n-oibríonn aistritheoirí i réimsí ardriosca amhail suíomhanna leighis, dlí agus daonnúla mar a bhfuil géarghá le cruinneas, rúndacht agus neamhchlaontacht, gan trácht ar fholláine aistritheoirí, agus iad ag feidhmiú i gcomhthéacsanna tráma. Tá éileamh ar aistritheoirí, leis, inrochtaineacht a chinntiú do phobail éagsúla a bhfuil riachtanais chumarsáide ar leith acu, amhail clostuairisc do dhaoine dalla nó lagamhairc, fotheidil do dhaoine bodhra nó lagéisteachta, nó teanga chomharthaíochta na hÉireann (ISL), rud a chruthaíonn sraith freagrachta bhreise ina gcuid oibre. Ar ndóigh, bíonn na dúshláin chéanna le sárú ag teangacha neamhfhorleathana san aistriúchán agus brú acmhainní sa bhreis i gceist leo siúd.

Dá bhrí sin, féachfaidh an chomhdháil seo le dúshláin iltoiseacha a fhiosrú, le ról agus glór an aistritheora a léiriú, agus béim a chur ar a riachtanaí atá sé machnamh ar na dúshláin sin. Táthar ag súil go ndéanfar plé ar oideachas aistritheoirí agus a bhforbairt ghairmiúil chun aghaidh a thabhairt ar na héilimh chasta sin ar cuid den saol síorathraitheach iad.

Topaicí Comhdhála

Fáiltítear roimh aighneachtaí ó raon disciplíní a léireoidh an éagsúlacht dearcthaí. Ar na hábhair spéise a d’fhéadfaí a bheith san áireamh tá a leithéid seo a leanas:

Struchtúr

Treoirlínte faoi Aighneachtaí: Seol chugainn achoimre nach faide ná 300 focal ina leagtar amach go soiléir fócas, modheolaíocht agus príomhargóintí do chur i láthair. Bíodh teideal, liosta eochairfhocal, agus beathaisnéis ghairid (gan dul thar 150 focal) léi. Luaigh an fhormáid a úsáidfidh tú chomh maith. Úsáid https://forms.gle/wYJQczM9hHvtbQWD7 chun aighneacht a dhéanamh. Is féidir achoimre i mBéarla nó i nGaeilge a chur chugainn.

Cur i láthair Mearghasta: Cainteanna 10 nóiméad ina leagfar síos bonn le haghaidh plé leis an lucht freastail. Tabharfaidh an comhrá deis do na cainteoirí agus don lucht éisteachta araon machnamh a dhéanamh ar ileispéiris agus samplaí óna dtaithí féin a lua.

Táblaí Comhphlé: Cad iad na mórcheisteanna atá agat i do chuid taighde? Deis iad na táblaí comhphlé seo na mórcheisteanna sin a chur trí chéile faoi stiúir éascaitheora. Mol ábhar a bhaineann le clár TSNI agus eagraigh seisiún díospóireachta uair an chloig. Mínigh an topaic, bíodh suas le triúr ar phainéal réamhroghnaithe réidh le ráitis tosaigh a thabhairt, agus bíodh cead cainte ina dhiaidh sin ag an lucht freastail a dtuairimí siúd a roinnt agus réitigh a mholadh.

Te Teann ón bPreas: An bhfuil monagraf nó eagrán speisialta foilsithe agat le déanaí ar ábhar ar bith a bhaineann leis an aistriúchán nó an ateangaireacht? Bígí linn le haghaidh taispeántas d’fhoilseacháin reatha agus tapaigh an deis do shaothar féin a chur ar a súile don lucht freastail. Beidh sraith de chur i láthair 5 nóiméad sa seisiún seo le do shaothar a chur chun cinn agus plé air a spreagadh.

Póstaeir: Tabharfaidh sainseisiún Póstaer Cumaisc deis duit do thionscadal taighde reatha a phlé. Tabharfaidh na cainteoirí réamheolas ar a bpóstaeir agus beidh cuireadh ag rannpháirtithe eile breathnú orthu agus comhrá aghaidh ar aghaidh a dhéanamh leo.

Dátaí Tábhachtacha

  • Sprioc d’Achoimrí: 31 Eanáir 2025
  • Fógra Glactha: 16 Feabhra 2025
  • Dátaí na Comhdhála: 8-9 Bealtaine 2025
  • Ionad: Campas Ghlas Naíon, DCU, Baile Átha Cliath 9
  • Tairseach Aighneachtaí: https://forms.gle/wYJQczM9hHvtbQWD7

Bígí linn le haghaidh díospóireachtaí machnaimh, do taighde a roinnt, agus comhoibriú le comhghleacaithe ó chian is ó chóngar chun aghaidh a thabhairt le chéile ar na dúshláin phráinneacha reatha san aistriúchán agus san ateangaireacht.

Teagmháil:

I gcás fiosrúcháin, cuir scéala chuig an lucht eagair ag: tsni2025@gmail.com